Idir Áird mhór is eochaill
DanuAr chóngar na taoide is í ag tráchaint
Sea do dhearcas an ógbhean go mómharach binn
'S a cuacha léI cíortha go básta
Is cailín ó eochaill í, is eolach dom í
Is tá sí gan pósadh go dpósfadsa í
Tá coróin geal I'm phóca 'gus ólfaimíd í
Agus fágfaimíd siúd mar atá mé
Do thugas grá chléibh' duit, a spéirbhean, ar dtúis
Nuair a leagas mo shúil ar do bhánchnis
Is go mbfhearr liom ná mórchuid den ór atá agat
Go mbeifeá sa chúinne ag mo mháithrín
Bheadh do bhabaí breá bó agat tráthnóna le crú
Is do leaba breá cóirithe go ló duit sa rúm
Chuirfinn búclaí I'd bhróga luach coróineach is púnt
Is, a stóirín, ná tabharfá do lámh dom?
Ní thabharfainn mo lámh duit go brách le haon fhonn
Go gcuirfead scéala ar dtúis chun mo mháithrín
Mar fuair sí do thuairisc go suarach ar dtúis
Gur minic do chúrsa go dtí an tábhairne
Nárbh aon ní leat ól ó'n choróin go dtí'n punt
Ag caitheamh do stóir ar mhná óga is ar lionn
Tar éis díol as fear cheoil ní bheidh feoirling I'd phúitse
Is a stróille, cé thabharfadh bean bhreá dhuit?
Ná creidse na scéalta, na bréaga atá ar siúl
Is annamh mo thuras go tigh tábhairne
Tá airgead I'm phóca is mórchuid I'm thrúnc
Níor ólas riamh punt ar aon láthair
Bheadh a mhalairt de ghnó againn sa bhfómhar atá chughainn
'Baint garraithe prátaí is ag cur stácaí ar a mbonn
Is mo mhacha bheith lán de bha bána is dubha
Gan aoinne chun iad a chrú ach mo mháithrín
Mais ouvidas de Danu
ver todas as músicas- Idir Áird Mhór Is Eochaill
- An Páistín Fionn
- Ráitachas Na Tairngreacht
- Beannacht Ó Rí Na hAoine
- Raghadsa's Mo Cheaití
- Follow On
- An Cailín Deas Crúite Na mBó
- Easy And Free
- Farewell, Angelina
- Bridget Donaghue
- Eochaill
- Ó Dheara, 'Sheanduine
- Molly Na gCuach Ní Chuilleanáin
- Co. Down
- Fair And Tender Ladies
- Green Brooms
- Only Nineteen Years Old
- The Outlandish Knight
- The Wee Lass On The Brae
- Uncle Rat