Shíl mé féin
Domhnaill familyGo raibh mé slán, is nárbh eagal dom
'Sínte síos le cúl buí craobh
Grá mo chroí agus m'anam í
Bhí m'aghaidh lena haghaidh 's mo thaobh lena taobh
'S mo lámh mar fhéirín trasna uirthi
Ach le banú 'n lae ba trua mo scéal
Mo luí 'mo chreatúr dhonna bhocht
Nuair a bhí mise óg is beag go leor
'S é bhain mé fúm ins na bealaí seo
'S 'ach casán réidh ar shiúil mé léi
Gur ghoin go géar an arraing mé
á pógadh a béal mar bhláth sú craobh
'S é bhí gach éinne a bhfaca í
'S ar a' haonu lá déag ba trua mo scéal
'S go hAontrom siar a cuireadh mé
Ach dá mbeinn-se thíos, ach níl faraoir
Ins a' tír ina rugadh mé
Beadh uaisle a' caoi mo bhás go fíor
Is mo mhuintir féin ag aithrí liom
'S a Mháithrín Dhílis Mhilis Mhín
'S Ard Rí Naofa a d'fhulaing mé
'S go bfhuil a' bás go fíor a' gabháil mo chlaoi
Is tigh Eoghain ó Frighil nach mbíonn mo chorp
Dá mbeadh teachtaire agam a rachadh síos
'S a thiocfadh aníos an aichearra
'S a dhéanadh scíste i mBealach Gaoithe
Agus bhéarrfainn féin luach an aistir dó
A thiocfadh 'ríst aníos a' tslí
'S a d'inseodh nach mairfinn-se
Ach cóirigh an tigh 's faoi mo thaobh
Nó 's í anocht an oíche dheireanach
1
Mais ouvidas de Domhnaill family
ver todas as músicas- A Mháithrín Dhíleas
- Shíl Mé Féin
- Tidy Ann
- Here's To All True Lovers
- The Spanish Lady
- Barbara Allen
- Na Gamhna Geala
- The Banks Of Claudy
- The Green Wood Laddie
- The Lily Of The West
- The Wee Lass On The Brae
- Turlough Óg
- When I Was A Fair Maid
- As I Roved Out From The County Cavan
- Here's A Health
- Is Fada Liom Uaim Í
- Kitty From Ballinamore
- Knickers Of Corduroy
- Lately Last Night
- Martha, The Flower Of Sweet Straban